Cothromaíocht oibre is saoil
Tairbhí
Cuireann cothromaíocht oibre is saoil tairbhí ar fáil sa láthair oibre chomh maith le tairbhí d’fhostaithe.
Má bhíonn cothromaíocht oibre is saoil ann:
- feabhsaítear coinneáil fostaithe, lena n‑áirítear i gcúinsí deacra geilleagracha
- tógtar meanma agus táirgiúlacht sa láthair oibre
- tacaítear le comhionannas sa láthair oibre agus le rannpháirtíocht sa láthair oibre i measc fostaithe éagsúla ó gach foras, idir inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, aois, mhíchumas, chlaonadh gnéasach, chine, reiligiún agus bhallraíocht i bpobal an Lucht Siúil;
- cuirtear go háirithe
- le hoibrithe níos sine atá ag lorg scor céimithe
- le hoibrithe imirceacha agus le hoibrithe as mionlaigh eitneacha eile atá ag lorg solúbthachta ina laethanta saoire agus nuair a theastaíonn uathu dualgais reiligiúnacha nó chultúrtha a chomhlíonadh
- le daoine a bhfuil dualgais chúraim orthu atá ag iarraidh an cúram agus obair íoctha araon a dhéanamh
- le fostaithe faoi mhíchumas atá ag lorg freastal réasúnta ar a riachtanais shonracha.
Cuireann cothromaíocht oibre is saoil an líon is mó tairbhí ar fáil nuair a fheileann na roghanna atá ar fáil do riachtanais na heagraíochta agus a cuid fostaithe.
Cothromaíocht Oibre is Saoil a Bhaint Amach
Má tá na tairbhí a bhaineann le hinfheistiú i gcothromaíocht oibre is saoil le baint amach i gceart, moltar go n‑eagrófaí socruithe cothromaíocht oibre is saoil ar bhonn córasach mar seo a leanas:
- go bhfuil beartas cothromaíocht oibre is saoil ag an eagraíocht ina leagtar amach a cur chuige i leith cothromaíocht oibre is saoil
- go bhforbraíonn an eagraíocht clár cothromaíocht oibre is saoil ina sainaithnítear na socruithe is oiriúnaí do riachtanais an ghnólachta agus na bhfostaithe
- go dtugann an eagraíocht faoi oiliúint cothromaíocht oibre is saoil do bhainisteoirí agus d’fhostaithe
- go gcuireann an eagraíocht tacaíochtaí cothromaíocht oibre is saoil i bhfeidhm ionas gur féidir socruithe cothromaíocht oibre is saoil a chur i bhfeidhm go héifeachtach.
Tugann na huirlisí thíos bealaí inar féidir na ceithre réimse sin a fhorbairt.
Please note that these factsheets are for information only. They do not constitute legal advice and should not be treated as such.