Léiriú Spéise do Chomhaltaí Nua de Choiste Iniúchóireachta agus Riosca an IHREC
Táimid ag lorg léirithe spéise ó dhaoine cáilithe oiriúnacha a bhfuil taithí acu agus a bhfuil suim acu a bheith ina mbaill dár gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca.
Táimid ag lorg:
- Cathaoirleach
- Gnáthchomhalta
Is féidir léirithe spéise a dhéanamh trí Curriculum Vitae agus litir chumhdaigh a sheoladh chuig ihrec@osborne.ie.
Dáta dúnta: 3in Dé Céadaoin 5ú Samhain 2025
Cad é an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca?
Feidhmíonn an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca i gcomhréir leis an gCód Cleachtais maidir le Rialachas Comhlachtaí Stáit agus leis an dea-chleachtas gaolmhar.
Tá sé comhdhéanta de chomhaltaí den Choimisiún, agus de chomhaltaí seachtracha.
Is comhalta seachtrach neamhspleách é an Cathaoirleach.
Is é ról an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca ná chun:
- breithniú a dhéanamh ar leordhóthanacht agus éifeachtacht ár gcóras rialaithe inmheánaigh, ár dtimpeallachta rialaithe agus ár nósanna imeachta rialaithe, lena n-áirítear nósanna imeachta airgeadais;
- comhairle a thabhairt maidir le nithe a bhaineann le bainistiú Vóta 25 IHREC;
- maoirseacht a dhéanamh ar obair na hIniúchóireachta Inmheánaí, lena n-áirítear athbhreithniú ar fhreagairt bhainistíochta na tuarascála iniúchóireachta;
- agus, comhairle agus treoir ghairmiúil a chur ar fáil maidir leis na córais bainistithe riosca agus rialachais chorparáidigh.
Comhdheiseanna
Molaimid go háirithe iarratais ó iarrthóirí ar dóigh dóibh a bheith faoi ghannionadaíocht inár bhfórsa saothair faoi láthair. Áirítear leis seo daoine ó chúlraí Dubh, Áiseacha agus mionlaigh eitneacha, an Lucht Siúil, daoine faoi mhíchumas, daoine LADTIA+ agus iad siúd a bhfuil taithí mhaireachtála acu ar an gcóras dlí choiriúil.
Socruithe Réasúnta
Tá socruithe réasúnta ar fáil chun inrochtaineacht an phróisis seo a chinntiú. Má theastaíonn aon socruithe réasúnta uait agus/nó má theastaíonn doiciméid uait i bhformáid inrochtana eile, déan teagmháil le do thoil le ihrec@osborne.ie.