Tá sé d’aidhm againn idirdhealú a dhíchur, comhionannas deiseanna a chur chun cinn agus cearta gach duine lena n-oibrímid agus dá n-oibrímid a chosaint.
Pé uair is féidir, téimid i gcomhar le heagraíochtaí agus le grúpaí eile. Cuidíonn sé sin linn cur lenár n-eolas agus le fianaise ar cheisteanna a théann i bhfeidhm ar dhaoine in Éirinn. Úsáidimid an t-eolas sin chun cearta an duine agus comhionannas a chur chun cinn.
Déanaimid ár ndícheall chun lucht oibre éagsúil a chruthú a léiríonn sochaí na hÉireann. Is mór againn cúlraí, peirspictíochtaí agus scileanna éagsúla ár bhfoirne. Teastaíonn uainn áit oibre a chruthú ina mothaíonn cách go bhfuil meas orthu agus gur mór le daoine iad.
Gairmeacha ag IHREC
Is Státseirbhísigh de chuid an Stáit iad foireann IHREC agus earcaítear iad trí fheachtais earcaíochta a ritheann publicjobs agus ár gcomhpháirtí gnó earcaíochta Osborne Recruitment.
publicjobs
Is é publicjobs soláthróir láraithe na hearcaíochta don Státseirbhís.
Fógraíonn sé feachtais earcaíochta le haghaidh poist ar fud na hearnála poiblí, lena n‑áirítear Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, ar a shuíomh gréasáin.

Osborne Recruitment
Is comhpháirtí dár gcuid é Osborne Recruitment chun earcaithe den chéad scoth a fhoinsiú i gcomhar le chéile agus chun na caighdeáin is airde in earcaíocht na hearnála poiblí a chinntiú.
Fógraítear feachtais earcaíochta ar shuíomh gréasáin Osborn.

Folúntais
Níl aon fholúntas againn faoi láthair.

Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú
Tá IHREC tiomanta don chomhionannas deiseanna do dhaoine a chuireann isteach ar phost. Féachaimid le hidirdhealú a dhíbirt, comhionannas deiseanna a chur chun cinn, agus cearta gach aon duine a chosaint mar chuid dár n-oibleagáid reachtúil faoi Alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014.
Geallaimid lucht saothair éagsúil a thógáil, a bheidh ionadaíoch ar shochaí na hÉireann agus an luach a chuirtear leis an eagraíocht, trí bhaill foirne ó chúlraí agus ó pheirspictíochtaí dhifriúla agus a bhfuil tacair scileanna difriúla acu, a aithint. Tá sé d’aidhm againn timpeallacht oibre chuimsitheach a chruthú ina mbeidh meas ar ár ndifríochtaí agus inar mór le daoine gach aon duine.
Cuirimid fáilte ar leith roimh iarratais ó ghrúpaí faoi ghannionadaíocht, iarrthóirí a bhfuil baint acu le pobail mhionlach agus uathu sin ó raon leathan cúlraí éagsúla agus a bhfuil taithí ilghnéitheach acu. Áirítear orthu sin daoine ó cúlraí daoine Gorma, de chuid na hÁise agus ó chúlraí mionlaigh eitnigh, an Lucht Siúil, daoine faoi mhíchumas, daoine LADTAFIÉ+ agus daoine a bhfuil taithí saoil acu atá ábhartha do shainordú IHREC.
An Clár ‘Willing Able Mentoring’
Glacaimid páirt sa chlár socrúcháin oibre AHEAD ‘Willing Able Mentoring’, a bhfuil sé d’aidhm leis rochtain ar an margadh saothair a chur chun cinn do chéimithe faoi mhíchumas agus cur le hacmhainneacht na bhfostóirí chun an míchumas a chomhtháthú in áiteanna oibre an phríomhshrutha.

Lár Cathrach Thoir Thuaidh
Oibrímid leis an Lár Cathrach Thoir Thuaidh (NEIC) chun deiseanna taithí oibre a sholáthar do scoláirí na hIdirbhliana.

Deiseanna le haghaidh Ardú Céime le haghaidh Baill foirne IHREC
Tagann deiseanna le haghaidh ardú céime chun cinn do bhaill foirne IHREC trí mheascán de chomórtais inmheánacha, agus feachtais earcaíochta idir-rannacha agus oscailte de chuid Public Job.
