Cearta an Duine agus Comhionannas d’Fhostóirí

Cé go bhfuil riachtanais dhlíthiúla bhunúsacha ann a gcaithfidh fostóirí cloí leo maidir le comhionannas agus cearta an duine, bíonn tairbhí ollmhóra ag fiontair agus ag cuideachtaí a dhéanann níos mó agus a bhíonn réamhghníomhach i dtógáil cultúr comhionannais agus chearta an duine a bhíonn fite fuaite sa láthair oibre.

I dtéarmaí dea‑chleachtais, is féidir le creat seacht ngné tacú le tógáil an chultúir sin, creat a chosnóidh cearta na n‑oibrithe faoin reachtaíocht agus a rachaidh i ngleic leis an lucht saothair trí chultúr measa ar chomhionannas agus cearta an duine a chur chun cinn go gníomhach.

Nuair atá fostóirí i mbun machnaimh agus pleanála ar an gcaoi a bhféadfaidís an cultúr seo a chur chun cinn, is féidir leo foghlaim ó thaithí eagraíochtaí agus tionscadal a thug faoi ghníomhaíochtaí in earnálacha sonracha agus/nó maidir le grúpaí sonracha.

Tugann an chuid seo den suíomh gréasáin treoir duit ar na seacht ngné, agus roinnt uirlisí chun tacú le forbairt beartais, le hoiliúint faoi chúrsaí comhionannais agus chearta an duine a phleanáil, agus le tabhairt faoi iniúchadh comhionannais. Tugtar treoir freisin maidir le cothromaíocht oibre is saoil, freastal réasúnta i mbun gnímh (míchumas agus meabhairshláinte), cur chun cinn na láithreach oibre idirchultúrtha, agus eiseamláirí de thabhairt faoi idirdhealú dearfach (maidir le fostaíocht an Lucht Siúil).

Léigh freisin:

Céard a deir an dlí?

Creat le haghaidh comhionannais agus chearta an duine sa láthair oibre (seacht gcéim)

Cearta an duine agus an comhionannas a chur chun cinn i láithreacha oibre idirchultúrtha

Please note that these factsheets are for information only. They do not constitute legal advice and should not be treated as such.